Fáilte chuig suíomh idirlín na Seirbhíse Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge!

 Cursa 5B - Ag Cothú Scil na Scríbhneoireachta

Táimid ag obair ar an chéad chúrsa eile, 5B. Chuireamar litreacha chuig na scoileanna ag insint do na príomhoidí cathain a bhéas na cúrsaí ar siúl sna hIonaid éagsúla. Is gá clárú - marsin ba chóir don scoil facs a chur ar ais chugainn.

Seó Bóthair don Ghaeilge
Bhí an éileamh ar an Seó Bóthair i mbliana ach tá cúpla spás fós againn má tá tú ag iarradh go dtiocfaimid chuig do scoil. Téigh i dteagmháil le hEve ag 01 4757401 nó scoil@cnag.ie le haghaidh níos mó eolais.
 Aodhán Ó Deá  Comhordaitheoir na Mac Léinn
086 3102691| aodhan@cnag.ie | 01 4757401
 
‘Am Breise’, forlíonadh spóirt i nGaeilge

 

A mhúinteoirí, Spreag spéis na ndaltaí sa Ghaeilge le ‘Am Breise’, forlíonadh spóirt i nGaeilge, ar fáil saor in aisce leis an Irish Daily Star. Tá ‘Am Breise’ lán go barra leis an nuacht ar fad faoi pheil, rugbaí agus CLG  a spreagfaidh díospóireachtaí bríomhara sa rang. Beidh agallamh le Shane Long in eagrán na míosa seo faoi aghaidh a thabhairt ar Xavi agus ar An Spáinn i gCraobh na hEorpa an samhradh seo chugainn, chomh maith leis an alt rialta ó Luke Fitzgerald, Réalta Laighin, agus Iománaí Óg na Bliana, Liam Rushe. Bíodh spraoi agat leis an nGaeilge le ‘Am Breise’ Déardaoin na seachtaine seo agus gach mí san Irish Daily Star. Más mian leat ríomhphost a fháil ag meabhrú duit faoi ‘Am Breise’, seol ríomhphost chuig ambreise@thestar.ie leis na focail Abair Liom mar ábhar nó lean Am Breise ar facebook!

 

Tionól Teagaisc 2011: Tuilleadh eolais agus grianghraf ar www.tionolteagaisc.com.  

  • Páipéir Shamplacha 2012: Is féidir teacht ar pháipéir shamplacha na hArdteistiméireachta (Gaeilge) anois ar www.examinations.ie. Tuilleadh eolais anseo.
  •  Fíbín: Tá camchuairt náisiúnta ar siúl ag Fíbín i láthair na huaire ar an dráma 'An Triail'. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na dátaí anseo agus bileog eolais a fháil anseo.
  •  Comhar na Múinteoirí Gaeilge:  
    • Tá dánphóstaeir anois ar fáil ón Lároifig. Le cóipeanna a ordú cuir glaoch ar (01) 6398445/8 nó seol r-phost chuig eolas@cnmg.ie . Beidh lascaine 15% ann do bhaill. 
    • Tá an CD den dráma An Triail agus an DVD "Cuireadh chun Cainte" (treoir do bhéaltriail Ghaeilge na h Ardteiste) ar fáil ón lároifig chomh maith. 
  • Naisc: Liosta de réimse leathan suíomhanna atá bainteach le múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Ní gá ach brú ar phictiúr leathanach baile an tsuímh atá uait agus tá sé agat. Má tá ainm aon suíomh eile agat a cheapann tú atá tairbheach, cuir chugainn iad agus cuirfear suas iad.

 

Cruthaithe: 05 Aibreán 2007 11:11, Leasaithe: 25 Eanáir 2012 08:32.
Jump to top

Valid XHTML 1.0 Strict Valid CSS!